Ráiteas Inrochtaineachta


Tá an láithreán gréasáin seo forbartha ag an Roinn Chaiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Ráiteas Inrochtaineachta

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tiomanta láithreán gréasáin a sholáthar a bhfuil rochtain ag an líon is mó daoine agus is féidir air, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas.

Léiríonn an ráiteas seo a leanas na forálacha atá déanta againn lena chinntiú go mbeidh ardchaighdeán inrochtaineachta ar fud an láithreáin ghréasáin seo.

Comhlíonadh Caighdeán

Ceapadh na leathanaigh ar an láithreán seo le bheith oiriúnach do WCAG AA agus chun cloí le treoirlínte Thosaíocht 2 de Threoirlínte Inrochtaineachta Ábhar W3C agus le Treoirlínte Inrochtaineachta IT an Údaráis Náisiúnta Míchumais.

Tógadh an láithreán ag úsáid cóid atá oiriúnach le caighdeáin W3C le haghaidh XHTML agus CSS. Bíonn an láithreán seo le feiceáil mar is ceart i mbrabhsálaithe reatha agus ó tharla go mbaintear úsáid as cód XHTML/CSS comhlíontach beidh sé le feiceáil mar is ceart in aon brabhsálaí amach anseo chomh maith.

Ceapadh na leathanaigh ar an láithreán seo le bailíochtú mar XHTML 1.0 Trasdultach.

Baineann gach leathanach ar an láithreán seo úsáid as marcáil shéimeantach struchtúrtha. Úsáidtear clibeanna H1 do phríomhtheidil agus clibeanna H2 d’fhotheidil.

 

TABHAIR AR AIRD: Cé go ndéanaimíd ár ndícheall cloí leis na treoirlínte agus caighdeáin a nglactar leo maidir le cúrsaí áisiúlachta agus inúsáideachta, ní bhíonn sé indéanta amhlaidh a dhéanamh i gcónaí i ngach cuid den láithreán gréasáin. Má bhíonn aon deacracht agat rochtain a fháil ar an láithreán gréasáin, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.

 

Doiciméid PDF

Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil na doiciméid PDF ar an láithreán gréasáin inrochtana, nuair is féidir. Nuair a roghnaítear iad, osclóidh na doiciméid PDF ar an láithreán gréasáin seo i bhfuinneog nua. Chun rochtain a fháil ar dhoiciméid PDF beidh Adobe Acrobat Reader ag teastáil uait agus is féidir leat é a íoslódáil saor in aisce anseo

Má tá deacracht le formáid dhoiciméid ar leith, agus eolas ag teastáil uait maidir le formáid leictreonach eile, cuir é sin in iúl dúinn agus déanfaimid ár ndícheall leagan níos inrochtana a chur ar fáil.

Íomhanna

Úsáideann gach íomha sa láithreán gréasáin seo clibeanna tuairisciúla ALT nó LONGDESC.

Dearadh Amhairc

Tá nasc mionriain ar fáil ag barr gach leathanaigh chun cuidiú le nascleanúint.

Ní úsáideann an láithreán ach clómhéid choibhneasta, atá oiriúnach le rogha “téacsmhéid” úsáideoir-shonraithe i mbrabhsálaithe amhairc. Tá bosca cuardaigh ag an leathanach baile agus ar gach leathanach inmheánach.

Bogearra Inrochtaineachta

  • JAWS, léitheoir scáileáin le haghaidh Windows. Tá sampla, atá teoranta ó thaobh ama di, ar fáil le híoslódáil.
  • NAVS, léitheoir scáileáin saor in aisce ar féidir leis an téacs a thiontú go dtí braille má bhíonn gléas ar a dtugtar “braille display” ag an úsáideoir.

Riachtanais Brabhsálaí

 Ba chóir go n-oibreodh láithreán gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le haon brabhsálaí atá bunaithe ar chaighdeáin nua-aimseartha. Níl brabhsálaí ar leith ag teastáil ón Roinn nó ní dhéanann an Roinn aon bhrabhsálaí ar leith a mholadh, toisc go dtacaíónn ár láithreáin ghréasáin agus ár bhfeidhmchláir phoiblí leaganacha reatha na mbrabhsálaithe móra. Tá an tástáil dírithe ar na brabhsálaithe is coitianta a úsáidtear. Ag an am seo, áiríonn sé sin go sonrach Internet Explorer agus Chrome – ba chóir go n-oibreodh brabhsálaithe eile cosúil le Safari, Opera agus Edge, ach nach bhfuil siad á d’tástáil go fairsing mar gheall ar úsáid íseal ar ár láithreáin.

Amhail Márta 2017, b’iad seo a leanas leaganacha tacaithe na ngnáth-bhrabhsálaithe a rinneamar tástáil ina leith.

  • IE 10+
  • Chrome 56.0+

Oifigeach Rochtana

Tá tuilleadh eolais maidir le hinrochtaineacht ar fáil ó Oifigeach Rochtana na Roinne, trí ghlaoch ar (01) 669 6334 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig disabilityliaisonofficer@per.gov.ie

An tEolas is Deireanaí