Gluais * (gráid chaighdeánacha)


Mínítear sa rannán seo roinnt de na príomhthéarmaí pinsin atá in úsáid ar an suíomh Gréasáin seo.

 

Aisíocaíocht Ranníocaíochtaí

Más rud é go gcríochnaíonn tú fostaíocht inphinsin agus gur íoc tú ranníocaíochtaí pinsin isteach sa Scéim le níos lú ná 2 bhliain ar an iomlán, ní bheidh tú i dteideal Sochar Iarchurtha a fháil.  Ina ionad sin, féadfaidh tú, tar éis duit d’fhostaíocht a chríochnú, iarratas a dhéanamh chuig d’fhostóir chun aisíocaíocht na ranníocaíochtaí pinsin a d’íoc tú isteach sa Scéim (lúide cáin) a fháil i gcás nach bhfuil tú ag dul i mbun fostaíocht inphinsin áit eile sa tseirbhís phoiblí.  Má bhaineann tú leas as aisíocaíocht, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun ranníocaíochtaí a rinneadh leat roimhe sin, móide ús, a aisíoc, ar an gcoinníoll go bhfillfidh tú ar phost inphinsin sa tseirbhís phoiblí laistigh de 24 mhí.

 

Aois Pinsin

Féach Aois Scoir

 

Aois Scoir

Is ionann d’aois scoir faoin Scéim agus an aois ag a bhféadfaidh tú an Pinsean Stáit a éileamh ón Roinn Coimirce Sóisialaí.  An bealach is fusa chun d’aois scoir faoin Scéim a dhéanamh amach is ea do Dháta Breithe a úsáid:

Aois Pinsin 66 Bliana d’Aois:  Má rugadh thú roimh an 1 Eanáir 1955

Aois Pinsin 67 mBliana d’Aois:  Má rugadh thú idir an 1 Eanáir 1955 agus an 31 Nollaig 1960

Aois Pinsin 68 mBliana d’Aois: Má rugadh thú an 1 Eanáir 1961 nó ina dhiaidh

Más fostaí buan thú, féadfaidh tú a chinneadh gan do shochair a rochtain ag d’aois íosta scoir agus féadfaidh tú leanúint ag obair go dtí go mbainfidh tú 70 bliain amach.  Má dhéanann tú amhlaidh, leanfaidh tú le sochair scoir a thuilleamh.  Is é 70 bliain an aois scoir éigeantach.

 

Aois Scoir Éigeantach

Is é 70 bliain d’aois an aois is déanaí ag a bhféadfaidh tú sochair a thuilleamh mar chomhalta den Scéim sular gá duit dul ar scor agus sula bhféadfaidh tú do shochair scéime a rochtain (á ghlacadh leis go bhfuil Conradh Fostaíochta buan agat le d’fhostóir).

 

Coibhéis Lánaimseartha

Is ríomh céatadánach é seo, rud ina gcuirtear an patrún oibre nó an tuarastal atá ag comhalta páirtaimseartha i gcomparáid leo sin atá ag comhghleacaí lánaimseartha.  Mar shampla, más rud é gur oibrí páirtaimseartha thú agus go n-oibríonn tú leath na n-uaireanta a oibríonn comhghleacaí lánaimseartha, bheadh patrún oibre 0.50 mar choibhéis lánaimseartha agat.  Más rud é go n-oibríonn tú go leathaimseartha agus go dtuilleann tú €20,000 in aghaidh na bliana, is é €40,000 an tuarastal coibhéise lánaimseartha a gheofá i bpost lánaimseartha.

 

Luathscor atá Neodrach ó thaobh Costais de

Má chríochnaíonn tú d’fhostaíocht inphinsin tar éis duit 55 bliain a bhaint amach agus sula mbainfidh tú do ghnáthaois scoir amach, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun do shochair a rochtain go luath.  Má dhéanann tú é sin, coigeartófar do shochair toisc go mbeidh siad á rochtain agat go luath.

 

Méideanna is Inchurtha

Is iad seo na méideanna airgid a chuir tú le chéile le himeacht ama mar chomhalta den Scéim.  Gach mí, saothraíonn tú méideanna le haghaidh do chnapshuime scoir agus do phinsin scoir.  Bunaítear na méideanna a thuilleann tú ar an bpá inphinsin a fhaigheann tú gach bliain.  Is é iomlán na méideanna sin a chinneann na sochair scoir a gheobhaidh tú. Déantar roinnt coigeartuithe le haghaidh méaduithe ar bhoilsciú.  Tugtar tuilleadh faisnéise i do Bhileog Scéime faoin dóigh a ríomhtar méideanna is inchurtha.

 

Pá Inphinsin nó Luach Saothair Inphinsin

Is é seo do bhunphá móide aon liúntais cheadaithe ar mheas d’fhostóir gur liúntais inphinsin iad.  Íocann tú ranníocaíochtaí pinsin ar do phá inphinsin ar fad.  Má fhaigheann tú liúntais mar chuid de do phá, deimhneofar i do Chonradh Fostaíochta de ghnáth cé acu atá nó nach bhfuil na liúntais sin ina liúntais inphinsin. Is féidir leat an méid sin a fhiosrú le d’Oifigeach Párolla áitiúil freisin.

 

Ráiteas Deiridh

Is doiciméad pinsin é seo, rud ba cheart duit a fháil ó d’fhostóir seirbhíse poiblí laistigh de 6 mhí ó chríochnú d’fhostaíochta inphinsin, i gcás nach dóigh go bhfillfidh tú ar an bhfostaíocht sin.  Mar shampla, i gcás go n-éiríonn tú as do phost.  Soláthrófar faisnéis faoi na nithe seo a leanas sa Ráiteas:

  • Méid iomlán na ranníocaíochtaí pinsin a d’íoc tú isteach sa Scéim leis an bhfostóir suas go dtí an lá a chríochnaigh d’fhostaíocht inphinsin;
  • Méid iomlán na sochar scoir a thuill tú faoin Scéim leis an bhfostóir suas go dtí an lá a chríochnaigh d’fhostaíocht inphinsin.

 

Ráiteas Sochar Bliantúil

Is doiciméad pinsin é seo, rud ba cheart duit a fháil ó d’fhostóir reatha seirbhíse poiblí nó ó d’iarfhostóir seirbhíse poiblí faoin 30 Meitheamh gach bliain.  Is ionann do Ráiteas agus achoimre ar na sochair a bhí tuillte agat faoin scéim amhail an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin.  Soláthrófar faisnéis faoi na nithe seo a leanas sa Ráiteas:

  • Méid na ranníocaíochtaí pinsin a d’íoc tú isteach sa Scéim leis an bhfostóir sa bhliain féilire seo a chuaigh thart agus, má bhaineann sé leatsa, méid na ranníocaíochtaí pinsin a d’íoc tú i mblianta féilire roimhe sin;
  • Méid iomlán na sochar scoir a thuill tú faoin Scéim leis an bhfostóir sa bhliain féilire seo a chuaigh thart agus, má bhaineann sé leatsa, luach na sochar scoir a thuill tú faoin Scéim leis an bhfostóir sin i mblianta féilire roimhe sin.

 

Rátaí Fabhraithe

Baineann sé seo leis an dóigh a ríomhtar do chnapshuim scoir agus do shochair phinsin, ar a dtugtar méideanna is inchurtha.  Is céatadán é de do phá inphinsin do gach ceann de na tréimhsí ina n-íocann tú isteach sa scéim.

 

Scéim Pinsean atá bunaithe ar Mheántuilleamh Gairme

Faoi Scéim Pinsean atá bunaithe ar Mheántuilleamh Gairme, tá luach do shochar tráth do scoir bunaithe ar an tuilleamh inphinsin a ghnóthaigh tú mar chomhalta den Scéim le linn do ghairme sa tseirbhís phoiblí.  Is cineál Scéime Pinsean Sochair Shainithe í an Scéim seo.

 

Scéim Pinsean Sochair Shainithe

Is Scéim Pinsean Sochair Shainithe í an Scéim seo.  Tá do shochair scoir bunaithe go príomha ar chéatadán de do thuilleamh inphinsin don tréimhse ar fad a chaith tú mar chomhalta den Scéim.  Ní infheistítear do ranníocaíochtaí sa stocmhargadh.

 

Sochair Choinnithe

Féach Sochair Iarchurtha

 

Sochar Iarchurtha

Más rud é go ndearna tú ranníocaíochtaí le níos mó ná 2 bhliain mar chomhalta den Scéim agus go gcríochnaíonn tú fostaíocht inphinsin sula mbainfidh tú d’aois pinsin amach, beidh teidlíocht fhadtéarmach agat i leith sochair a fháil ón Scéim ag d’aois pinsin.  Tugtar Sochar Iarchurtha air sin.  Má tá tú i dteideal sochar scoir den sórt sin a fháil, déanfar na sochair a thuill tú mar chomhalta den Scéim suas go dtí an dáta a chríochnaigh tú d’fhostaíocht inphinsin a choigeartú bunaithe ar aon mhéaduithe amach anseo sa Treoir Praghsanna do Thomhaltóirí. Déanfar an coigeartú sin go dtí go dtosóidh tú ar na sochair a rochtain.  Mura ndearna tú ranníocaíochtaí le níos mó ná 2 bhliain mar chomhalta den Scéim faoin am a chríochnaigh tú fostaíocht inphinsin, ní bheidh tú i dteideal Sochar Iarchurtha a fháil. D’fhéadfadh, áfach, go mbeifeá i dteideal aisíocaíocht na ranníocaíochtaí a d’íoc tú a fháil (lúide cáin).

 

Tréimhse Dhílseacháin

Is é seo an fad íosta ama nach mór go raibh tú ag íoc isteach sa Scéim go dtí go mbeidh tú i dteideal teidlíocht fhadtéarmach i leith sochair scoir a fháil nó go dtí go bhféadfar Sochar Iarchurtha a dheonú duit.  Má chríochnaíonn tú fostaíocht inphinsin roimh d’aois pinsin.  Is é 24 mhí an Tréimhse Dhílseacháin faoi do Scéim.

 

An Treoir Praghsanna do Thomhaltóirí

Is ionann an Treoir Praghsanna do Thomhaltóirí agus ríomh airgeadais a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh.  Úsáidtear an Treoir chun boilsciú in Éirinn a thomhas trí scrúdú a dhéanamh ar na hathruithe atá tagtha le himeacht ama ar an meánleibhéal praghsanna a íocaimid as earraí agus as seirbhísí áirithe.  Má tá méadú ann sa Treoir bhliantúil Praghsanna do Thomhaltóirí, beidh méadú ann freisin sna méideanna is inchurtha a thuill tú i mblianta roimhe sin faoin Scéim. Méadófar na méideanna sin i gcomhréir leis an méadú sa Treoir.  Tar éis duit dul ar scor, d’fhéadfadh go méadófaí do phinsean de réir an ráta méadaithe sa Treoir Praghsanna do Thomhaltóirí freisin.

 

Údarás Iomchuí

Tá feidhm ag téarmaí na Scéime Aonair maidir le níos mó ná 350 fostóir seirbhíse poiblí. Tugtar Údarás Iomchuí ar gach ceann de na fostóirí sin.  Is ionann d’fhostóir seirbhíse poiblí agus d’Údarás Iomchuí.  Tá gach Údarás Iomchuí freagrach as an Scéim a riar dá fhostaithe.  Tá d’fhostóir freagrach as ranníocaíochtaí pinsin a bhaint as do phá, as na sochair a thuill tú faoin Scéim le linn d’fhostaíochta a ríomh, as ráitis phinsin a eisiúint chugat agus, ar deireadh, as do shochair a íoc leat nuair a rachaidh tú ar scor.

 

*Séanadh

Is gluais ghinearálta é seo de na príomhthéarmaí atá in úsáid. Níl feidhm aici ach maidir le gráid chaighdeánacha a chumhdaítear le Scéim Pinsean Aonair na Seirbhíse Poiblí.  Ba cheart an ghluais seo a léamh i gcomhar leis an Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile), 2012, agus le Rialacháin ghaolmhara is féidir a rochtain ar an suíomh Gréasáin seo. Níl an doiciméad seo ina léiriú dlíthiúil ar an Acht ná ar Rialacháin ghaolmhara.   Tá téarmaí difriúla ag comhaltaí de na haicmí seo a leanas agus níl siad cumhdaithe sa ghluais seo: Comhaltaí den Oireachtas, lena n-áirítear an tUachtarán; na Breithiúna; an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus sealbhóirí oifige ainmnithe cáilitheacha; baill den Gharda Síochána; baill de na Buan-Óglaigh; Oifigigh Phríosúin; agus Comhraiceoirí Dóiteáin.

An tEolas is Deireanaí