Scéim Pinsean Seirbhíse Poiblí Aonair


Tháinig an Scéim Pinsean Seirbhíse Poiblí Aonair i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013.  Más rud é go ndeachaigh tú isteach sa tseirbhís phoiblí
an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh agus go bhfuil tú ag obair i bpost inphinsin, is é is dóichí gurb í sin an Scéim Pinsean a bhaineann leat.

Is iad seo roinnt de na gnéithe tábhachtacha de do Scéim:

  • Is Scéim Pinsean le Sochar Sainithe atá bunaithe ar Mheántuilleamh Gairmréime í.  Ní infheistítear do chuid ranníocaíochtaí sa
    stocmhargadh agus bunaítear do shochair scoir den chuid is mó ar chéatadán de do thuilleamh inphinsin ar fud do ghairme sa
    tseirbhís phoiblí mar chomhalta den Scéim.
  • Gach bliain, saothraíonn tú méideanna le haghaidh do chnapshuime scoir agus do phinsin scoir.  Bunaítear na méideanna a thuilleann
    tú ar an bpá inphinsin a fhaigheann tú gach bliain mar chomhalta den Scéim.  Is é iomlán na méideanna sin a chinneann na sochair
    scoir a gheobhaidh tú. Déantar roinnt coigeartuithe le haghaidh méaduithe ar bhoilsciú.  Tugtar tuilleadh faisnéise i do Bileog Scéime
    faoin dóigh a ríomhtar méideanna is inchurtha.
  • Is ionann an ghnáthaois scoir don chuid is mó de chomhaltaí agus an aois scoir sin don Phinsean Stáit. Is í 66 bliana d’aois an aois sin
    faoi láthair.
  • Tá uasteorainn aoise scoir éigeantaí de 70 bliain d’aois i bhfeidhm maidir leis an gcuid is mó de chomhaltaí den Scéim.
  • Tar éis dul ar scor, beidh méaduithe ar do phinsean ceangailte le boilsciú.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fhorálacha na Scéime Aonair a fháil ach cliceáil ar an Rannán Comhaltaí nó ar an Rannán Fostóirí
ón Leathanach Baile den suíomh Gréasáin seo

An tEolas is Deireanaí