Ráiteas Séanadh


Tá an láithreán gréasáin seo forbartha ag an Roinn Chaiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Séanadh

Tá gach cúram réasúnach glactha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag táirgeadh na leathanach gréasáin seo chun eolas ginearálta a chur ar fáil do léitheoirí/úsáideoirí maidir le forálacha Scéim Aonair Pinsin na Seirbhíse Poiblí arna rialú ag Acht na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile) 2012 agus rialacháin ghaolmhara. Tuigtear go bhfuil an t-eolas atá ar fáil ar an láithreán seo cruinn tráth an fhoilsithe thosaigh nó an mhodhnaithe is déanaí.

Cé go bhfuil cúram a thógáil in ullmhú agus foilsiú ábhar an láithreáin ghréasáin seo, ní ghlacann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dliteanas dlíthiúil nó eile as aon mhíchruinneas, bhotún, mhíráiteas nó aon earráid eile de shaghas ar bith atá ar fáil anseo. Séanann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go foirmiúil dliteanas i leith na nithe thuasluaite. Tá an t-eolas atá sa láithreán seo de chineál comhdhlúite agus ginearálta agus sin amháin agus is féidir leis athrú ó am go ham. Níor cheart a bheith ag brath air as féin chun cearta dlíthiúla nó cinntí eile a chinneadh. Moltar do léitheoirí/úsáideoirí dul i gcomhairle Acht na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile), 2012 agus na rialacháin ghaolmhara nó aon eolas gur mian leo brath air a bhailíochtú, trí theagmháil dhíreach agus bheo leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Níl an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachta láithreáin ghréasáin tríú páirtí a d’fhéadfá nascadh leis ón láithreán seo.

Cóipcheart

Is maoin de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é an cóipcheart san ábhar atá ar fáil ar an láithreán seo, mura luaitear a mhalairt go sonrach, agus tá sé faoi réir an Achta um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara, 2000. Tá toiliú na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag teastáil sular féidir an t-ábhar nó aon chuid de a chóipeáil nó a oiriúnú ar aon bhealach nó a chuir ar fáil don phobal trí mhodh ar bith agus tá aon toiliú den chineál sin ag brath ar aitheantas cuí a thabhairt ar chearta na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Ní leathnaíonn an cead maidir le hábhar cóipchirt an Rialtais a atáirgeadh chuig aon íomhá atá ar an láithreán seo.

Deonaítear cead (ceadúnas) duit:

  • an t-ábhar seo a bhrabhsáil (lena n-áirítear cóipeanna den chineál sin a dhéanamh i RAM nó i ngléas stórála sealadach eile is gá chun brabhsáil den chineál sin a éascú)
  • cruachóipeanna d’úsáid phearsanta nó ghnó a phriontáil amach
  • naisc go dtí leathanach baile Scéim Aonair Pinsin na Seirbhíse Poiblí a chruthú, comhaid a shábháil, leathanaigh a leithdháileadh agus a atáirgeadh – ar choinníoll go bhfuil an fhoinse luaite agus nach bhfuil an t-ábhar as a riocht. (N.B. Go háirithe, ní mór URLanna ar shuíomhanna pearsanta nó gnó a dhéanann nasc le heilimintí dár láithreán gréasáin a chumrú ionas go léireofar an t-ábhar arna rochtain ar ár bhfreastalaithe mar an t-aon ghné amháin d’fhuinneog an bhrabhsálaí)

Féach ar ár leathanach maidir le heolas na hearnála poiblí a athúsáid, lena n-áirítear an ceadúnas lena bhaineann an athúsáid.

Nuashonruithe

Coimeádann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an ceart aon eolas ar an láithreán seo a scriosadh nó a mhodhnú i bpáirt nó go hiomlán gan réamh-fhógra.

An tEolas is Deireanaí