Banc Sonraí Nóta Príobháideachais


Baineann an fógra seo le gach ball agus tairbhí eile den Scéim Pinsin Seirbhíse Poiblí Aonair (“Scéim Aonair”) a bhfuil na sonraí pearsanta a bhaineann leo stóráilte i mBanc Sonraí na Scéime Aonair (“Banc Sonraí”). Ullmhaíodh é de réir Rialacháin Ghinearálta an Aontais Eorpaigh um Chosaint Sonraí (RGCS) a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018.

Tá cearta ag gach duine maidir leis an gcaoi a láimhseáiltear a gcuid sonraí pearsanta. Táimid tiomanta dár ndualgais a chomhlíonadh chun a chinntiú go gcaithfimid le do shonraí ar bhealach cuí agus dleathach.

Mínítear leis an bhfógra seo an fáth agus an dóigh a bhfaigheann, a gcothaíonn agus a bpróiseálann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sonraí pearsanta laistigh den Bhanc Sonraí thar ceann an Aire Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe.

PDF icon (PDF, 732 KB)

An tEolas is Deireanaí