{"id":708,"date":"2017-03-28T16:01:12","date_gmt":"2017-03-28T15:01:12","guid":{"rendered":"http:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/?page_id=708"},"modified":"2025-04-29T12:27:37","modified_gmt":"2025-04-29T11:27:37","slug":"glossary","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/for-members\/scheme-information\/glossary\/","title":{"rendered":"Gluais"},"content":{"rendered":"<p><\/p>\n<h1 style=\"text-align: left;\"><span style=\"font-size: 28px; color: #0d9bd4;\"><strong>Gluais * (gr\u00e1id chaighde\u00e1nacha)<\/strong><\/span><\/h1>\n<hr style=\"height: 1px; background: #0d9bd4;\" \/>\n<p>M\u00edn\u00edtear sa rann\u00e1n <span style=\"font-size: 16px;\">seo<\/span> roinnt de na pr\u00edomhth\u00e9arma\u00ed pinsin at\u00e1 in \u00fas\u00e1id ar an su\u00edomh Gr\u00e9as\u00e1in seo.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Ais\u00edoca\u00edocht Rann\u00edoca\u00edochta\u00ed<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>M\u00e1s rud \u00e9 go gcr\u00edochna\u00edonn t\u00fa fosta\u00edocht inphinsin agus gur \u00edoc t\u00fa rann\u00edoca\u00edochta\u00ed pinsin isteach sa Sc\u00e9im le n\u00edos l\u00fa n\u00e1 2 bhliain ar an ioml\u00e1n, n\u00ed bheidh t\u00fa i dteideal Sochar <em>Iarchurtha<\/em> a fh\u00e1il.\u00a0 Ina ionad sin, f\u00e9adfaidh t\u00fa, tar \u00e9is duit d\u2019fhosta\u00edocht a chr\u00edochn\u00fa, iarratas a dh\u00e9anamh chuig d\u2019fhost\u00f3ir chun ais\u00edoca\u00edocht na rann\u00edoca\u00edochta\u00ed pinsin a d\u2019\u00edoc t\u00fa isteach sa Sc\u00e9im (l\u00faide c\u00e1in) a fh\u00e1il i gc\u00e1s nach bhfuil t\u00fa ag dul i mbun fosta\u00edocht inphinsin \u00e1it eile sa tseirbh\u00eds phoibl\u00ed.\u00a0 M\u00e1 bhaineann t\u00fa leas as ais\u00edoca\u00edocht, f\u00e9adfaidh t\u00fa iarratas a dh\u00e9anamh chun rann\u00edoca\u00edochta\u00ed a\u00a0rinneadh leat roimhe sin, m\u00f3ide \u00fas, a ais\u00edoc, ar an gcoinn\u00edoll go bhfillfidh t\u00fa ar phost inphinsin sa tseirbh\u00eds phoibl\u00ed laistigh de 24 mh\u00ed.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Aois Pinsin<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>F\u00e9ach <em>Aois Scoir<\/em><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Aois Scoir <\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is ionann d\u2019aois scoir faoin Sc\u00e9im agus an aois ag a bhf\u00e9adfaidh t\u00fa an Pinsean St\u00e1it a \u00e9ileamh \u00f3n Roinn Coimirce S\u00f3isiala\u00ed.\u00a0 An bealach is fusa chun d\u2019aois scoir faoin Sc\u00e9im a dh\u00e9anamh amach is ea do Dh\u00e1ta Breithe a \u00fas\u00e1id:<\/p>\n<p>Aois Pinsin 66 Bliana d\u2019Aois:\u00a0 M\u00e1 rugadh th\u00fa roimh an 1 Ean\u00e1ir 1955<\/p>\n<p>Aois Pinsin 67 mBliana d\u2019Aois:\u00a0 M\u00e1 rugadh th\u00fa idir an 1 Ean\u00e1ir 1955 agus an 31 Nollaig 1960<\/p>\n<p>Aois Pinsin 68 mBliana d\u2019Aois: M\u00e1 rugadh th\u00fa an 1 Ean\u00e1ir 1961 n\u00f3 ina dhiaidh<\/p>\n<p>M\u00e1s fosta\u00ed buan th\u00fa, f\u00e9adfaidh t\u00fa a chinneadh gan do shochair a rochtain ag d\u2019aois \u00edosta scoir agus f\u00e9adfaidh t\u00fa lean\u00faint ag obair go dt\u00ed go mbainfidh t\u00fa 70 bliain amach.\u00a0 M\u00e1 dh\u00e9anann t\u00fa amhlaidh, leanfaidh t\u00fa le sochair scoir a thuilleamh.\u00a0 Is \u00e9 70 bliain an <em>aois scoir \u00e9igeantach<\/em>.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Aois Scoir \u00c9igeantach<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is \u00e9 70 bliain d\u2019aois an aois is d\u00e9ana\u00ed ag a bhf\u00e9adfaidh t\u00fa sochair a thuilleamh mar chomhalta den Sc\u00e9im sular g\u00e1 duit dul ar scor agus sula bhf\u00e9adfaidh t\u00fa do shochair sc\u00e9ime a rochtain (\u00e1 ghlacadh leis go bhfuil Conradh Fosta\u00edochta buan agat le d\u2019fhost\u00f3ir).<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Coibh\u00e9is L\u00e1naimseartha<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is r\u00edomh c\u00e9atad\u00e1nach \u00e9 seo, rud ina gcuirtear an patr\u00fan oibre n\u00f3 an tuarastal at\u00e1 ag comhalta p\u00e1irtaimseartha i gcompar\u00e1id leo sin at\u00e1 ag comhghleaca\u00ed l\u00e1naimseartha.\u00a0 Mar shampla, m\u00e1s rud \u00e9 gur oibr\u00ed p\u00e1irtaimseartha th\u00fa agus go n-oibr\u00edonn t\u00fa leath na n-uaireanta a oibr\u00edonn comhghleaca\u00ed l\u00e1naimseartha, bheadh patr\u00fan oibre 0.50 mar choibh\u00e9is l\u00e1naimseartha agat.\u00a0 M\u00e1s rud \u00e9 go n-oibr\u00edonn t\u00fa go leathaimseartha agus go dtuilleann t\u00fa \u20ac20,000 in aghaidh na bliana, is \u00e9 \u20ac40,000 an tuarastal coibh\u00e9ise l\u00e1naimseartha a gheof\u00e1 i bpost l\u00e1naimseartha.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Luathscor at\u00e1 Neodrach \u00f3 thaobh Costais de<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>M\u00e1 chr\u00edochna\u00edonn t\u00fa d\u2019fhosta\u00edocht inphinsin tar \u00e9is duit 55 bliain a bhaint amach agus sula mbainfidh t\u00fa do <em>ghn\u00e1thaois scoir<\/em> amach, f\u00e9adfaidh t\u00fa iarratas a dh\u00e9anamh chun do shochair a rochtain go luath.\u00a0 M\u00e1 dh\u00e9anann t\u00fa \u00e9 sin, coigeart\u00f3far do shochair toisc go mbeidh siad \u00e1 rochtain agat go luath.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>M\u00e9ideanna is Inchurtha<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is iad seo na m\u00e9ideanna airgid a chuir t\u00fa le ch\u00e9ile le himeacht ama mar chomhalta den Sc\u00e9im.\u00a0 Gach m\u00ed, saothra\u00edonn t\u00fa m\u00e9ideanna le haghaidh do chnapshuime scoir agus do phinsin scoir.\u00a0 Buna\u00edtear na m\u00e9ideanna a thuilleann t\u00fa ar an bp\u00e1 inphinsin a fhaigheann t\u00fa gach bliain.\u00a0 Is \u00e9 ioml\u00e1n na m\u00e9ideanna sin a chinneann na sochair scoir a gheobhaidh t\u00fa. D\u00e9antar roinnt coigeartuithe le haghaidh m\u00e9aduithe ar bhoilsci\u00fa.\u00a0 Tugtar tuilleadh faisn\u00e9ise i do <a href=\"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/12\/Scheme-Booklet.pdf\">Bhileog Sc\u00e9ime<\/a> faoin d\u00f3igh a r\u00edomhtar m\u00e9ideanna is inchurtha.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>P\u00e1 Inphinsin n\u00f3 Luach Saothair Inphinsin<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is \u00e9 seo do bhunph\u00e1 m\u00f3ide aon li\u00fantais cheadaithe ar mheas d\u2019fhost\u00f3ir gur li\u00fantais inphinsin iad.\u00a0 \u00cdocann t\u00fa rann\u00edoca\u00edochta\u00ed pinsin ar do ph\u00e1 inphinsin ar fad.\u00a0 M\u00e1 fhaigheann t\u00fa li\u00fantais mar chuid de do ph\u00e1, deimhneofar i do Chonradh Fosta\u00edochta de ghn\u00e1th c\u00e9 acu at\u00e1 n\u00f3 nach bhfuil na li\u00fantais sin ina li\u00fantais inphinsin. Is f\u00e9idir leat an m\u00e9id sin a fhiosr\u00fa le d\u2019Oifigeach P\u00e1rolla \u00e1iti\u00fail freisin.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>R\u00e1iteas Deiridh<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is doicim\u00e9ad pinsin \u00e9 seo, rud ba cheart duit a fh\u00e1il \u00f3 d\u2019fhost\u00f3ir seirbh\u00edse poibl\u00ed laistigh de 6 mh\u00ed \u00f3 chr\u00edochn\u00fa d\u2019fhosta\u00edochta inphinsin, i gc\u00e1s nach d\u00f3igh go bhfillfidh t\u00fa ar an bhfosta\u00edocht sin.\u00a0 Mar shampla, i gc\u00e1s go n-\u00e9ir\u00edonn t\u00fa as do phost.\u00a0 Sol\u00e1thr\u00f3far faisn\u00e9is faoi na nithe seo a leanas sa R\u00e1iteas:<\/p>\n<ul>\n<li>M\u00e9id ioml\u00e1n na rann\u00edoca\u00edochta\u00ed pinsin a d\u2019\u00edoc t\u00fa isteach sa Sc\u00e9im leis an bhfost\u00f3ir suas go dt\u00ed an l\u00e1 a chr\u00edochnaigh d\u2019fhosta\u00edocht inphinsin;<\/li>\n<li>M\u00e9id ioml\u00e1n na sochar scoir a thuill t\u00fa faoin Sc\u00e9im leis an bhfost\u00f3ir suas go dt\u00ed an l\u00e1 a chr\u00edochnaigh d\u2019fhosta\u00edocht inphinsin.<\/li>\n<\/ul>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>R\u00e1iteas Sochar Bliant\u00fail <\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is doicim\u00e9ad pinsin \u00e9 seo, rud ba cheart duit a fh\u00e1il \u00f3 d\u2019fhost\u00f3ir reatha seirbh\u00edse poibl\u00ed n\u00f3 \u00f3 d\u2019iarfhost\u00f3ir seirbh\u00edse poibl\u00ed faoin 30 Meitheamh gach bliain.\u00a0 Is ionann do R\u00e1iteas agus achoimre ar na sochair a bh\u00ed tuillte agat faoin sc\u00e9im amhail an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin.\u00a0 Sol\u00e1thr\u00f3far faisn\u00e9is faoi na nithe seo a leanas sa R\u00e1iteas:<\/p>\n<ul>\n<li>M\u00e9id na rann\u00edoca\u00edochta\u00ed pinsin a d\u2019\u00edoc t\u00fa isteach sa Sc\u00e9im leis an bhfost\u00f3ir sa bhliain f\u00e9ilire seo a chuaigh thart agus, m\u00e1 bhaineann s\u00e9 leatsa, m\u00e9id na rann\u00edoca\u00edochta\u00ed pinsin a d\u2019\u00edoc t\u00fa i mblianta f\u00e9ilire roimhe sin;<\/li>\n<li>M\u00e9id ioml\u00e1n na sochar scoir a thuill t\u00fa faoin Sc\u00e9im leis an bhfost\u00f3ir sa bhliain f\u00e9ilire seo a chuaigh thart agus, m\u00e1 bhaineann s\u00e9 leatsa, luach na sochar scoir a thuill t\u00fa faoin Sc\u00e9im leis an bhfost\u00f3ir sin i mblianta f\u00e9ilire roimhe sin.<\/li>\n<\/ul>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>R\u00e1ta\u00ed Fabhraithe<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Baineann s\u00e9 seo leis an d\u00f3igh a r\u00edomhtar do chnapshuim scoir agus do shochair phinsin, ar a dtugtar <em>m\u00e9ideanna is inchurtha<\/em>.\u00a0 Is c\u00e9atad\u00e1n \u00e9 de do ph\u00e1 inphinsin do gach ceann de na tr\u00e9imhs\u00ed ina n-\u00edocann t\u00fa isteach sa sc\u00e9im.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Sc\u00e9im Pinsean at\u00e1 bunaithe ar Mhe\u00e1ntuilleamh Gairme<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Faoi Sc\u00e9im Pinsean at\u00e1 bunaithe ar Mhe\u00e1ntuilleamh Gairme, t\u00e1 luach do shochar tr\u00e1th do scoir bunaithe ar an tuilleamh inphinsin a ghn\u00f3thaigh t\u00fa mar chomhalta den Sc\u00e9im le linn do ghairme sa tseirbh\u00eds phoibl\u00ed.\u00a0 Is cine\u00e1l <em>Sc\u00e9ime Pinsean Sochair Shainithe<\/em> \u00ed an Sc\u00e9im seo.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Sc\u00e9im Pinsean Sochair Shainithe<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is Sc\u00e9im Pinsean Sochair Shainithe \u00ed an Sc\u00e9im seo. \u00a0T\u00e1 do shochair scoir bunaithe go pr\u00edomha ar ch\u00e9atad\u00e1n de do thuilleamh inphinsin don tr\u00e9imhse ar fad a chaith t\u00fa mar chomhalta den Sc\u00e9im.\u00a0 N\u00ed infheist\u00edtear do rann\u00edoca\u00edochta\u00ed sa stocmhargadh.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Sochair Choinnithe<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>F\u00e9ach <em>Sochair Iarchurtha<\/em><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Sochar Iarchurtha<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>M\u00e1s rud \u00e9 go ndearna t\u00fa rann\u00edoca\u00edochta\u00ed le n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 2 bhliain mar chomhalta den Sc\u00e9im agus go gcr\u00edochna\u00edonn t\u00fa fosta\u00edocht inphinsin sula mbainfidh t\u00fa d\u2019aois pinsin amach, beidh teidl\u00edocht fhadt\u00e9armach agat i leith sochair a fh\u00e1il \u00f3n Sc\u00e9im ag d\u2019aois pinsin.\u00a0 Tugtar Sochar Iarchurtha\u00a0air sin.\u00a0 M\u00e1 t\u00e1 t\u00fa i dteideal sochar scoir den s\u00f3rt sin a fh\u00e1il, d\u00e9anfar na sochair a thuill t\u00fa mar chomhalta den Sc\u00e9im suas go dt\u00ed an d\u00e1ta a chr\u00edochnaigh t\u00fa d\u2019fhosta\u00edocht inphinsin a choigeart\u00fa bunaithe ar aon mh\u00e9aduithe amach anseo sa Treoir Praghsanna do Thomhalt\u00f3ir\u00ed. D\u00e9anfar an coigeart\u00fa sin go dt\u00ed go dtos\u00f3idh t\u00fa ar na sochair a rochtain.\u00a0 Mura ndearna t\u00fa rann\u00edoca\u00edochta\u00ed le n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 2 bhliain mar chomhalta den Sc\u00e9im faoin am a chr\u00edochnaigh t\u00fa fosta\u00edocht inphinsin, n\u00ed bheidh t\u00fa i dteideal Sochar Iarchurtha a fh\u00e1il. D\u2019fh\u00e9adfadh, \u00e1fach, go mbeife\u00e1 i dteideal ais\u00edoca\u00edocht na rann\u00edoca\u00edochta\u00ed a d\u2019\u00edoc t\u00fa a fh\u00e1il (l\u00faide c\u00e1in).<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>Tr\u00e9imhse Dh\u00edlseach\u00e1in<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is \u00e9 seo an fad \u00edosta ama nach m\u00f3r go raibh t\u00fa ag \u00edoc isteach sa Sc\u00e9im go dt\u00ed go mbeidh t\u00fa i dteideal teidl\u00edocht fhadt\u00e9armach i leith sochair scoir a fh\u00e1il n\u00f3 go dt\u00ed go bhf\u00e9adfar <em>Sochar Iarchurtha<\/em> a dheon\u00fa duit.\u00a0 M\u00e1 chr\u00edochna\u00edonn t\u00fa fosta\u00edocht inphinsin roimh d\u2019aois pinsin.\u00a0 Is \u00e9 24 mh\u00ed an Tr\u00e9imhse Dh\u00edlseach\u00e1in faoi do Sc\u00e9im.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>An Treoir Praghsanna do Thomhalt\u00f3ir\u00ed<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is ionann an Treoir Praghsanna do Thomhalt\u00f3ir\u00ed agus r\u00edomh airgeadais a dh\u00e9anann an Phr\u00edomh-Oifig Staidrimh.\u00a0 \u00das\u00e1idtear an Treoir chun boilsci\u00fa in \u00c9irinn a thomhas tr\u00ed scr\u00fad\u00fa a dh\u00e9anamh ar na hathruithe at\u00e1 tagtha le himeacht ama ar an me\u00e1nleibh\u00e9al praghsanna a \u00edocaimid as earra\u00ed agus as seirbh\u00eds\u00ed \u00e1irithe.\u00a0 M\u00e1 t\u00e1 m\u00e9ad\u00fa ann sa Treoir bhliant\u00fail Praghsanna do Thomhalt\u00f3ir\u00ed, beidh m\u00e9ad\u00fa ann freisin sna <em>m\u00e9ideanna is inchurtha<\/em> a thuill t\u00fa i mblianta roimhe sin faoin Sc\u00e9im. M\u00e9ad\u00f3far na m\u00e9ideanna sin i gcomhr\u00e9ir leis an m\u00e9ad\u00fa sa Treoir.\u00a0 Tar \u00e9is duit dul ar scor, d\u2019fh\u00e9adfadh go m\u00e9ad\u00f3fa\u00ed do phinsean de r\u00e9ir an r\u00e1ta m\u00e9adaithe sa Treoir Praghsanna do Thomhalt\u00f3ir\u00ed freisin.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"font-size: 20px;\"><strong>\u00dadar\u00e1s Iomchu\u00ed<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>T\u00e1 feidhm ag t\u00e9arma\u00ed na Sc\u00e9ime Aonair maidir le n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 350 fost\u00f3ir seirbh\u00edse poibl\u00ed. Tugtar \u00dadar\u00e1s Iomchu\u00ed ar gach ceann de na fost\u00f3ir\u00ed sin.\u00a0 Is ionann d\u2019fhost\u00f3ir seirbh\u00edse poibl\u00ed agus d\u2019\u00dadar\u00e1s Iomchu\u00ed.\u00a0 T\u00e1 gach \u00dadar\u00e1s Iomchu\u00ed freagrach as an Sc\u00e9im a riar d\u00e1 fhostaithe.\u00a0 T\u00e1 d\u2019fhost\u00f3ir freagrach as rann\u00edoca\u00edochta\u00ed pinsin a bhaint as do ph\u00e1, as na sochair a thuill t\u00fa faoin Sc\u00e9im le linn d\u2019fhosta\u00edochta a r\u00edomh, as r\u00e1itis phinsin a eisi\u00faint chugat agus, ar deireadh, as do shochair a \u00edoc leat nuair a rachaidh t\u00fa ar scor.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"color: #0d9bd4; font-size: 20px;\"><strong>*S\u00e9anadh<\/strong><\/span><\/h3>\n<p>Is gluais ghinear\u00e1lta \u00e9 seo de na pr\u00edomhth\u00e9arma\u00ed at\u00e1 in \u00fas\u00e1id. N\u00edl feidhm aici ach maidir le gr\u00e1id chaighde\u00e1nacha a chumhda\u00edtear le Sc\u00e9im Pinsean Aonair na Seirbh\u00edse Poibl\u00ed.\u00a0 Ba cheart an ghluais seo a l\u00e9amh i gcomhar leis an Acht um Pinsin na Seirbh\u00edse Poibl\u00ed (Sc\u00e9im Aonair agus For\u00e1lacha Eile), 2012, agus le Rialach\u00e1in ghaolmhara is f\u00e9idir a rochtain ar an su\u00edomh Gr\u00e9as\u00e1in seo. N\u00edl an doicim\u00e9ad seo ina l\u00e9iri\u00fa dl\u00edthi\u00fail ar an Acht n\u00e1 ar Rialach\u00e1in ghaolmhara.\u00a0\u00a0 T\u00e1 t\u00e9arma\u00ed difri\u00fala ag comhalta\u00ed de na haicm\u00ed seo a leanas agus <em>n\u00edl<\/em> siad cumhdaithe sa ghluais seo: Comhalta\u00ed den Oireachtas, lena n-\u00e1ir\u00edtear an tUachtar\u00e1n; na Breithi\u00fana; an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus sealbh\u00f3ir\u00ed oifige ainmnithe c\u00e1ilitheacha; baill den Gharda S\u00edoch\u00e1na; baill de na Buan-\u00d3glaigh; Oifigigh Phr\u00edos\u00fain; agus Comhraiceoir\u00ed D\u00f3ite\u00e1in.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Gluais * (gr\u00e1id chaighde\u00e1nacha) M\u00edn\u00edtear sa rann\u00e1n seo roinnt de na pr\u00edomhth\u00e9arma\u00ed pinsin at\u00e1 in \u00fas\u00e1id ar an su\u00edomh Gr\u00e9as\u00e1in &#8230;<\/p>\n","protected":false},"author":16,"featured_media":0,"parent":349,"menu_order":50,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"content-template.php","meta":[],"categories":[9],"tags":[20,21,19],"acf":[],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/708"}],"collection":[{"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/16"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=708"}],"version-history":[{"count":41,"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/708\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":7821,"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/708\/revisions\/7821"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/349"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=708"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=708"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/singlepensionscheme.gov.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=708"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}