Ráiteas Príobháideachas


Tá an láithreán gréasáin seo forbartha ag an Roinn Chaiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Ráiteas Príobháideachais an Láithreáin Ghréasáin

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachta maidir leis an láithreán gréasáin seo. Níl an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (“An Roinn”) freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachais láithreáin ghréasáin tríú páirtí a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an láithreán seo. Is féidir aon nasc seachtrach chuig láithreáin ghréasáin eile a aithint go soiléir. Déantar cuid de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas a mhíniú ag deireadh an leathanaigh seo.

Ráiteas Ginearálta

Tá meas iomlán againn ar do cheart chun príobháideachais, agus ní bhaileoimid aon eolas pearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan do thoiliú. Caithfear le haon eolas pearsanta a thabharfaidh tú dúinn leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

Déanfar aon athrú a thagann ar an ráiteas príobháideachais seo a phostáil ar an láithreán gréasáin seo ionas go mbeidh tú ar an eolas faoi gcineál eolas a bhailítear, conas a úsáidimid é agus cad iad na himthosca, más ann dóibh, ina nochtfaí an t-eolas sin.

Bailiú agus úsáid Eolas Pearsanta

Ní bhailímid aon sonraí pearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo seachas eolas a roghnaíonn tú a thabhairt dúinn (mar shampla trí ríomhphost a sheoladh chugainn). Ní chuirtear aon eolas a sholáthraíonn tú ar an mbealach seo ar fáil do thríú páirtí, gan a thuilleadh toiliú a bheith faighte uait, agus is sinne amháin a bhainfidh úsáid as chun na críche ar chuici a soláthraíodh é.

Bailiú agus úsáid Eolas Teicniúil

Fianáin

Úsáideann an láithreán gréasáin teicneolaíocht “fianáin”. Is éard is fianán ann ná píosa beag sonra nó comhad beag téacs atá stóráilte ag an mbrabhsálaí ar do ríomhaire ag láithreán gréasáin. Is féidir leis an láithreán gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin in athuair. D’fhéadfadh an t-eolas atá stóráilte i bhfianán a bheith bainteach le do nósanna brabhsála ar ár leathanach gréasáin, nó le huimhir aitheantais uathúil ionas gur féidir leis an láithreán gréasáin ‘cuimhneamh’ ort nuair a thugann tú cuairt in athuair. Tríd is tríd, ní chuimsíonn fianáin eolas pearsanta ónar féidir tú a aithint, ach amháin má tá an t-eolas sin curtha ar fáil agat don láithreán gréasáin. Go háirithe, cuireann fianáin ar ár gcumas:

  • trácht na gcuairteoirí chuig ár láithreán gréasáin agus a bpatrún úsáide a thomhas
  • eolas a stóráil faoi do chuid sainroghanna, rud a chuireann ar ár gcumas ár láithreán gréasáin a shaincheapadh bunaithe ar na hábhair a gcuireann tú spéis iontu
  • dlús a chur le do chuardach
  • tú a aithint nuair a fhilleann tú ar ár láithreán gréasáin.

Google Analytics

Bainimid úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin arna soláthar ag Google, Inc (“Google”), chun staitisticí a bhailiú ar ár láithreán gréasáin. Bainfimid úsáid as an eolas a bhailítear chun ár seirbhísí gréasáin a fheabhsú dár gcuairteoirí. Baineann Google Analytics úsáid as fianáin chun seisiúin úsáideora a aithint, lena gceadaítear bailiú sonraí tábhachtacha faoin gcaoi a bhfuil ár gcuairteoirí ag baint úsáide as an láithreán. Ní úsáideann Google Analytics ach fianáin chéad-pháirtí le haghaidh anailíse sonraí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na fianáin nasctha le fearann ár láithreáin ghréasáin, agus ní úsáidfimid ach amháin na sonraí fianán sin le haghaidh anailíse staitistiúil a bhaineann le d’iompar brabhsála ar ár láithreáin ghréasáin. Má roghnaíonn tú, is féidir leat rogha an diúltaithe a roghnú trí fhianáin a mhúchadh sna socruithe sainroghanna i do bhrabhsálaí.

Is féidir rogha an diúltaithe a roghnú ionas nach ndéanfaidh Google Analytics rianú ort trí bhreiseán bhrabhsálaí Rogha an Diúltaithe Google Analytics a íoslódáil agus a shuiteáil do do bhrabhsálaí gréasáin reatha: Breiseán Bhrabhsálaí Rogha an Diúltaithe Google Analytics

Is féidir leat Rogha an Diúltaithe a roghnú chomh maith trí fhianáin sna socruithe sainroghanna i do bhrabhsálaí a mhúchadh. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ar Google Analytics, tabhair cuairt ar láithreán Google.

Ní dhéanfaidh an Roinn aon iarracht cuairteoirí aonair a aithint, ná na sonraí teicniúla thuas a cheangal le haon duine ar leith.

Ní bheidh an t-eolas teicniúil in úsáid ach amháin ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus is chun críocha staidrimh agus sin amháin a úsáidfear é chun cabhrú linn inúsáidteach agus inrochtaineacht ár láithreáin a mhéadú.

Ba chóir duit a thabhairt ar aird nach ionann sonraí teicniúla, nach féidir linn a lua le haon duine inaitheanta, agus “sonraí pearsanta” chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Gluais na dTéarmaí teicniúla arna nÚsáid

Brabhsálaí gréasáin

An píosa bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Mar shampla Microsoft Internet Explorer, Firefox, Mozilla, Safari agus Opera.

Seoladh IP

Na sonraí aitheantais le haghaidh do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta Idirlín), arna sloinneadh i gcód “prótacal idirlín” (mar shampla 123.456.78.90). Tá a seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá nasctha leis an ngréasán, cé go mb’fhéidir nach é an seoladh céanna a bheidh in úsáid gach uair a dhéantar ceangal.

An tEolas is Deireanaí